Timahoe National School, Timahoe, Portlaoise

Seachtain na Gaeilge☘️

17th Mar 2026

Bhí am iontach againn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge sa rang. Chuaigh na páistí chuig ceolchoirm sa halla agus ghlac siad páirt i Lá Glas, bhí gach duine gléasta in éadaí glasa chun an ócáid a cheiliúradh.

Bhí an-spraoi againn freisin ag imirt cluichí as Gaeilge le Rang a 4 amuigh sa chlós, ina measc an cluiche “Cén t-am é, a Mhac Tíre?”. Ar ais sa seomra ranga, bhain na páistí taitneamh as cluiche biongó as Gaeilge.

Seachtain iontach a bhí ann le go leor spraoi agus deiseanna chun ár nGaeilge a úsáid. Bhí an-spraoi againn! ☘️